Department of Culture, Communications and Sport Is mian liom iarratas a dhéanamh chuig Roinn na Gaeltachta faoin Acht um Shaoráil Faisnéis, 2014 ar aon thaifead a bhaineann sé leis an tuairisc a churthar lé cheile agus a seoladh chuig Údaras na Gaeltachta agus ansin chuig Roinn na Gaeltachta bunaithe ar an Cuireadh chun Tairisceanna chun "Taighde / Staidéar a dhéanamh ar an éileamh / na riachtanais / na féidearachtaí & an cás gnó d'Ionad Óige / Oideachais / Cultúrtha & Spóirt a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall". Seo a leanas na taifid cuí atá uaim agus bheinn buíoch as miondealú chuimsitheach bunaithe orthu seo a leanas; Cóip den tuaraisc is deanaí atá scríobhtha ar an abhár thúaslúaite agus atá ag an Roinn (cé acú tuarascáil eatramhach nó an tuarascáil deiridh); Cóip de na doiciméid, comhfhreagrais, comhaid agus tuarascálacha a bhaineann le haon cruinnithe agus cainteanna a d'eagraigh an Roinn nó ina raibh an Roinn páirteacht iontú, faoi "Taighde / Staidéar a dhéanamh ar an éileamh / na riachtanais / na féidearachtaí & an cás gnó d'Ionad Óige / Oideachais / Cultúrtha & Spóirt a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall". Taifead de dhátaí, láthair agus baill a bhí i láthair, ag aon chruinnithe ina raibh an Roinn pairteach ann a bhaineann leis an tuaraisc thuaslúaite. Cóip de aon doiciméid, comhfhreagrais, comhaid agus tuarascálacha a bhaineann le haon chruinnithe agus cainteanna idir Roinn na Gaeltachta agus gnólachtaí príobháideacha nó poiblí, coistí agus daoine aonaracha, i dtaca leis an Taighde / Staidéar a dhéanamh ar an éileamh / na riachtanais / na féidearachtaí & an cás gnó d'Ionad Óige / Oideachais / Cultúrtha & Spóirt a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.