Department of Finance A chara, Is mian liom iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, gach comhfhreagras agus cáipéis dhigiteach seolta idir oifigeach atá ar leibhéal príomhoifigeach, ar a laghad, sa Roinn Airgeadais, an tAire Paschal Donoghue, agus a chuid comhairleoirí speisialta agus an American Chamber of Commerce ina ndéantar plé ar ráta cánach corparáideach ó 1.1.2021 go dáta. Ba mhaith liom an t-eolas ar fad a fháil go leictreonach agus sa teanga a scríobhadh é gan aistriúchán.