Mayo County Council Baineann an t-eolas leis an tréimhse dhá bhliain ó 6 Márta 2023 go 5 Márta 2025. Is mian liom eolas a fháil faoi líon na n-iarratas ar chead pleanála i gceantair oifigiúla Ghaeltachta i gcontae Mhaigh Eo a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Contae sa tréimhse ama thuasluaite, faoin líon ar tugadh cead pleanála dóibh, agus faoin líon ar diúltaíodh cead pleanála dóibh. Ba mhaith liom briseadh síos ar na cúiseanna a tugadh le cead pleanála a diúltú sna cásanna sin a diúltaíodh.