Department of Children, Disability and Equality 1. An líon beacht teifeach ón Úcráin atá ina gcónaí i gcóiríocht Stáit i bparóiste Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 2. An líon beacht iarrthóirí tearmainn ar Chosaint Idirnáisiúnta (IPAS) faoin scéim An tSeirbhís Chóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta, atá ina gcónaí i gcóiríocht Stáit i bparóiste Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 3. Liosta seoltaí agus eirchóid de na láithreacha beachta áitribh atá in úsáid faoi láthair le cóiríocht Stáit a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin agus/nó d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn i nGaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 4. Liosta de na soláthraithe, léasaithe, daoine aonair agus nó cuideachtaí a íocann an Roinn faoi láthair le cóiríocht Stáit a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin agus/nó d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn i bparóiste Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 5. Liosta de na bainisteoirí ionaid, de gach áitribh aonair ar chonradh Stáit le cóiríocht a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin agus/nó d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn i nGaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 6. Deimhnigh, le do thoil, cineál an chonartha Stáit atá i bhfeidhm do gach sainchóiríocht a úsáidtear le cóiríocht Stáit a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin agus/nó d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn i nGaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 7. Logchomhad iomlán den mhéid cruinn airgid a íocadh go data, le gach áitreabh ar leith, le haghaidh cóiríochta do dhídeanaithe ón Úcráin agus d'iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn i nGaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 8. Líon agus suíomh na n-áitreabh i nGaoth Dobhair, Tír Chonaill atá á meas go gníomhach faoi láthair mar chóiríocht fhéideartha do dhídeanaithe ón Úcráin agus d'iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn; 9. Deimhnigh, le do thoil, an grinnfhiosrúchán atá déanta maidir le gach Dídeanaí Úcránach agus/nó iarratasóir/iarrthóir tearmainn ar Chosaint Idirnáisiúnta a bhfuil cónaí orthu i bParóiste Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill faoi láthair; 10. Deimhnigh, le do thoil, líon na nDídeanaithe ón Úcráin agus/nó na n-iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta/iarrthóirí tearmainn a bhí mar ábhar cúisimh choiriúla agus/nó ionchúisimh ó thosaigh siad ar conaí i gcóiríocht Stáit i bParóiste Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill; 11. Deimhnigh le do thoil cad iad na bearta atá á nglacadh faoi láthair maidir le stádas dídeanaí/iarrthóir tearmainn atá i gcóiríocht Stáit i bparóiste Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill, nuair a dhéantar coir sa dlínse seo; 12. Deimhnigh le do thoil an líon iomlán iarratais ar chóiríocht Stáit atá a mheas i láthair na huaire maidir le dídeanaithe breise ón Úcráin agus/nó iarratasóirí/iarrthóirí tearmainn ar Chosaint Idirnáisiúnta a lonnadh i bParóiste Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill in 2024;